Payments/Medical Card Details

Payment/child’s medical card details for all pupils who wish to be considered for the allocation of a ticket for the 2023/24 school year must be submitted before 9 June 2023 On buseireann.ie/schooltransport.  After this date, this will be a late payment and tickets are not guaranteed to eligible pupils. 

 

Bus Éireann Family Portal Closure

Please note the Bus Éireann family portal will close for all applications and payments for a period of 3 weeks from 9 June 2023 to 30 June 2023 and it will not be possible to make a late application, or make a delayed payment or delayed entry of medical card details until the family portal reopens.

This is necessary so that Bus Éireann can process applications, arrange transport and to assess all applications and determine whether they are eligible or concessionary and to include Temporary Alleviation Measures (TAMS) as soon as possible for the 2023/24 school year. Bus Éireann plans to issue all eligible tickets from July.

Tickets will be issued to eligible students who have applied and paid/entered medical card details on time. After this allocation is complete, where seats are available, concessionary tickets will be issued.

Any application made after 28 April 2023, or any payment/medical card details submitted after 9 June 2023 will be late. Where this happens, eligible students are not guaranteed a ticket.

Bus Éireann has put in place a dedicated customer care call centre and a Contact Form on buseireann.ie/schooltransport to assist families specifically with School Transport queries during the busy summer period. Families that have queries can contact the call centre on: LoCall 0818 919 910. Operating hours are 09.00 – 17.00 Monday to Friday

If families have queries relating to transport for children with special educational needs) please contact School Transport Section, Department of Education at:

Email: school_transport@education.gov.ie

Phone: 057 9325469 or 057 9325466

Payments/Medical Cards

It is important to ensure that payments/child’s medical card details are submitted for new applicants and also for pupils who have previously applied/availed of school transport and require a seat on a service for the 23/24 school year.

Children (who are eligible for school transport) with valid medical cards (GMS Scheme) are exempt from paying the annual charge, however their medical card details must be submitted before 9 June 2023.

Families are strongly urged to make sure that they pay/enter child’s medical card details on time. Late applications made after 28th April 2023, or late payment after 9 June 2023 may mean that a ticket is not available.

To make your payment or enter your child’s medical card details, go to buseireann.ie/schooltransport by Friday 9 June.

The Annual Charge for School Transport Services for the 2023/24 school year is set out below:

Category of pupil

 

Annual Charge
Primary Eligible/ Concessionary pupil

 

€50
Post primary Eligible/ Concessionary pupil €75
Maximum annual charge for families €125

Eligibility

Children are eligible for transport at primary level where they reside not less than 3.2 kilometres from and are attending their nearest national school, and at post-primary level where they reside not less than 4.8 kilometres from and are attending their nearest post-primary school/education centre as determined by the Department/Bus Éireann, having regard to ethos and language.

  • Children who are eligible for school transport and who have completed the application and payment process on time will be accommodated on school transport services where such services are in operation.
  • Children who are not eligible for school transport, but who complete the application and payment process on time, will be considered for spare seats that may exist after eligible children have been facilitated; such seats are referred to as concessionary seats.
  • Because of the nature of concessionary transport for non-eligible children and the priority of providing places for eligible children, there may be an excess of demand over supply for concessionary places, in these cases Bus Éireann will allocate tickets for spare seats using an agreed selection process.
  • In addition, temporary alleviation measures will continue for the 2023/24 school year, pending completion of the school transport scheme review and this means that transport will be provided, where such services are in operation, for post-primary pupils who are eligible for transport to their nearest school and are attending their second nearest school/ post-primary centre and who apply and pay on time.

Pupils from Ukraine

Pupils from Ukraine who require school transport should not apply on the Bus Éireann family portal but should visit gov.ie/ukraine for details on how to apply. Please note that any pupils from Ukraine who are currently on school transport do not need to re-apply for the 2023/24 school year unless they have changed address or school.

School Transport Section

Department of Education

School_transport@education.gov.ie

Gov.ie/schooltransport

Eolas do theaghlaigh maidir le hÍocaíocht i leith Iompar Scoile

An Próiseas don Scoilbhliain 2023/24

Íocaíochtaí/Sonraí Cártaí Leighis

Ní mór Íocaíocht/sonraí chárta leighis an linbh a chur isteach do na leanaí go léir ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad do thicéad don scoilbhliain 2023/24 roimh an 9 Meitheamh 2023 ar buseireann.ie/schooltransport.  I ndiaidh an dáta sin, is íocaíocht mhall a bheidh ann agus ní féidir a chinntiú go mbeidh ticéid ar fáil do dhaltaí incháilithe. 

 

Tairseach Theaghlaigh Bhus Éireann á Dúnadh

Tabhair do d’aire, le do thoil, go ndúnfar tairseach theaghlaigh Bhus Éireann do gach iarratas agus íocaíocht ar feadh trí seachtaine ón 9 Meitheamh 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023 agus nach bhféadfar iarratas déanach a dhéanamh ná íocaíocht dhéanach a dhéanamh nó sonraí cárta leighis a iontráil go mall go dtí na n-athosclófar an tairseach theaghlaigh.

Tá sé sin riachtanach ionas go bhféadfaidh Bus Éireann iarratais a phróiseáil, iompar a shocrú, na hiarratais go léir a mheas agus a chinneadh an iarratais incháilithe nó lamháltais iad agus Bearta Maolaithe Sealadacha (TAMS) a chur san áireamh a luaithe agus is féidir don scoilbhliain 2023/24. Tá sé i gceist ag Bus Éireann na ticéid incháilithe go léir a eisiúint ó mhí Iúil.

Déanfar ticéid a eisiúint chuig scoláirí incháilithe a rinne iarratas agus a d’íoc/a chuir isteach sonraí cárta leighis in am. Nuair a bheidh an leithdháileadh sin déanta, i gcás go bhfuil suíocháin ar fáil, déanfar ticéid lamháltais a eisiúint.

Beidh iarratas ar bith a rinneadh i ndiaidh an 28 Aibreán 2023, nó íocaíocht/sonraí cárta leighis ar bith a chuirtear isteach i ndiaidh an 9 Meitheamh 2023 déanach. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní féidir a chinntiú go mbeidh ticéad ar fáil do scoláirí incháilithe.

Tá lárionad glaonna tiomnaithe um chúram custaiméirí bunaithe ag Bus Éireann chomh maith le foirm theagmhála ar buseireann.ie/schooltransport chun cabhrú go sonrach le teaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu maidir le hIompar Scoile le linn thréimhse ghnóthach an tsamhraidh. Féadfaidh teaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh leis an lárionad glaonna ar: LoCall 0818 919 910. Is iad na huaireanta oibre ná 09.00 – 17.00 ó Luan go hAoine

Má tá ceisteanna ag teaghlaigh maidir le hiompar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, déan teagmháil leis an Rannóg Iompair Scoile, an Roinn Oideachais ag:

Ríomhphost: school_transport@education.gov.ie

Fón: 057-9325469 nó 057 9325466

Íocaíochtaí/Cártaí leighis

Tá sé tábhachtach a chinntiú go gcuirtear isteach íocaíocht/sonraí chárta leighis an linbh d’iarratasóirí nua agus freisin do dhaltaí a rinne iarratas ar/a bhain leas as iompar scoile cheana agus a dteastaíonn suíochán uathu ar sheirbhís don scoilbhliain 23/24.

Tá leanaí (atá incháilithe d’iompar scoile) agus a bhfuil cártaí leighis bailí acu (Scéim GMS) díolmhaithe ón táille bhliantúil a íoc. Mar sin féin, ní mór sonraí a gcárta leighis a chur isteach roimh an 9 Meitheamh 2023.

Moltar go mór do theaghlaigh a chinntiú go ndéanann siad íocaíocht/go gcuireann siad isteach sonraí chárta leighis a linbh in am. I gcás iarratais dhéanacha a dhéantar i ndiaidh an 28 Aibreán 2023 nó íocaíochtaí déanacha i ndiaidh an 9 Meitheamh 2023, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ticéad ar fáil.

Chun d’íocaíocht a dhéanamh nó chun sonraí chárta leighis do linbh a chur isteach, téigh chuig  buseireann.ie/schooltransport faoin Aoine an 9 Meitheamh.

Tá an Táille Bhliantúil do Sheirbhísí Iompair Scoile don scoilbhliain 2023/24 leagtha amach thíos.

Catagóir dalta

 

Táille Bhliantúil
Dalta Bunscoile Incháilithe/ Lamháltais

 

€50
Dalta Iar-bhunscoile Incháilithe/ Lamháltais €75
Uastáille bhliantúil do theaghlaigh €125

Incháilitheacht

Tá leanaí incháilithe d’iompar ag leibhéal na bunscoile i gcás go bhfuil cónaí orthu achar nach bhfuil níos lú ná 3.2 ciliméadar ón mbunscoil is gaire dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an scoil sin agus ag leibhéal na hiar-bhunscoile má tá cónaí orthu achar nach bhfuil níos lú na 4.8 ciliméadar ón iar-bhunscoil/ionad oideachais is gaire dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachais sin de réir mar a chinneann an Roinn/Bus Éireann agus teanga agus éiteas á gcur san áireamh.

  • Cuirfear áiteanna ar fáil do leanaí atá incháilithe d’iompar scoile agus a bhfuil an próiseas iarratais agus íocaíochta curtha i gcrích acu in am ar sheirbhísí iompair scoile áit a bhfuil seirbhísí den chineál sin ag feidhmiú.

  • I gcás leanaí nach bhfuil incháilithe d’iompar scoile, ach go gcuireann siad an próiseas iarratais agus íocaíochta i gcrích in am, déanfar iad a bhreithniú do shuíocháin fholmha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil nuair atá freastal déanta ar leanaí incháilithe; tugtar suíocháin lamháltais ar shuíocháin den chineál sin.

  • Mar gheall ar chineál an iompair lamháltais do leanaí neamh-incháilithe agus an tosaíocht a bhaineann le háiteanna a sholáthar do leanaí incháilithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh an t-éileamh ar áiteanna lamháltais níos mó ná an soláthar. I gcásanna den chineál sin, úsáidfidh Bus Éireann próiseas roghnaithe comhaontaithe chun ticéid do shuíocháin fholmha a leithdháileadh.

  • Ina theannta sin, beidh bearta maolaithe sealadacha i bhfeidhm go fóill don scoilbhliain 2023/24, go dtí go mbeidh athbhreithniú ar an scéim iompair scoile curtha i gcrích agus ciallaíonn sé sin go gcuirfear iompar ar fáil, áit a bhfuil seirbhísí den chineál sin ag feidhmiú, do dhaltaí iar-bhunscoile atá incháilithe d’iompar chuig an scoil is gaire dóibh agus atá ag freastal ar an dara scoil/hionad iar-bhunscoile is gaire dóibh agus a dhéanann iarratas agus íocaíocht in am.

Daltaí ón Úcráin

Níor cheart do dhaltaí ón Úcráin a dteastaíonn iompar scoile uathu iarratas a dhéanamh ar thairseach theaghlaigh Bhus Éireann ach ba cheart dóibh dul chuig gov.ie/ukraine chun teacht ar mhionsonraí faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh. Tabhair do d’aire, le do thoil, nach gá do dhaltaí ar bith ón Úcráin atá ar iompar scoile cheana féin athiarratas a dhéanamh don scoilbhliain 2023/24 murar athraigh siad seoladh nó scoil.

 

An Rannóg Iompair Scoile

An Roinn Oideachais

School_transport@education.gov.ie

Gov.ie/schooltransport