All applicants – Payment or medical card details – closing date 6 June 2025
The Bus Éireann family portal is now open to accept payments or enter medical card details until Friday, 6 June 2025. Payments or medical cards entered after the deadline date will be deemed late. A late payment or entering medical card details may mean that a ticket is not available.
The portal will close from 7 June 2025 for a 3-week period to allow Bus Éireann time to plan for the new school year.
Payments or medical card details must be submitted for:
- new applicants, and;
- pupils who have previously applied/availed of school transport and require a seat on a service for the 25/26 school year.
Children (who are eligible for school transport) and who possess valid medical cards (GMS Scheme) are exempt from paying the annual charge however, their medical card details must be submitted to Bus Éireann by the closing date.
Ticket Charges
For the 2025/26 school year charges of €50 per student at primary level and €75 per student at post-primary level will apply, with a cap per family of €125. Eligible children with a full medical card and children who are eligible for SEN transport services remain exempt from the annual ticket charge.
Customer Call Centre
Bus Éireann has put in place a dedicated customer care call centre to assist families specifically with School Transport queries during the busy summer period. Families that have queries can contact the call centre on: LoCall 0818 919 910. Operating hours are 09.00 – 17.00 Monday to Friday.
Families can also contact Bus Éireann their website: www.buseireann.ie/schooltransport by submitting a query via: https://www.buseireann.ie/inner.php?id=769,
Updates on the application process can be found on Gov.ie/schooltransport and on buseireann.ie/schooltransport
Eligibility
Children are eligible for transport at primary level where they reside not less than 3.2 kilometres from and are attending their nearest national school, as determined by the Department/Bus Éireann, having regard to ethos and language and at post-primary level where they reside not less than 4.8 kilometres from and are attending their nearest post-primary school/education centre as determined by the Department/Bus Éireann, having regard to ethos and language.
- Children who are eligible for school transport and who have completed the application and payment process on time will be accommodated on school transport services where such services are in operation and where capacity exists.
- Children who are not eligible for school transport, but who complete the application and payment process on time, will be considered for spare seats that may exist after eligible children have been facilitated; such seats are referred to as concessionary seats.
- Because of the nature of concessionary transport for non-eligible children and the priority of providing places for eligible children, there may be an excess of demand over supply for concessionary places, in these cases Bus Éireann will allocate tickets for spare seats using an agreed selection process.
- In addition, temporary alleviation measures will continue for the 2025/2026 school year, this means that transport will be provided, where such services are in operation and where capacity exists, for pupils who are eligible for transport to their nearest school and are attending their second nearest school/post primary centre and who apply and pay on time.
Pupils from Ukraine
Pupils from Ukraine who are currently on school transport do not need to re-apply for the 2025/2026 school year unless they have changed address or school.
New applications – living independently or with host families
All families who are living independently or with host families who wish to apply for mainstream school transport for their child for the 2025/26 school year, and who are not currently on school transport, are asked to apply and pay or enter their medical card details via the Bus Éireann family portal, which can be found here.
This includes families who have moved address since their last application and/or pupils who are changing schools for the 2025/26 school year.
New applications – living in accommodation centre
New applications for school transport for the 2025/26 school year for pupils living in accommodation centres must be made by the school principals. School principals should forward the information required to their local REALT.
A new application is:
- a pupil who is enrolling for the first time in school;
- has moved schools or;
- has moved to a new accommodation centre.
The information provided by you will be submitted by members of the REALT to Bus Éireann who will arrange for school transport to be provided where it is possible to do so.
Rannóg Iompar Scoile
School Transport Section
__
An Roinn Oideachais agus Óige
Department of Education and Youth
Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, D01 RC96.
Marlborough Street, Dublin, D01 RC96.
__
*******************************************
A Phríomhoide, a chara,
Féach an t-eolas is deireanaí thíos i ndáil leis an Scéim Iompair Scoile.
Faisnéis do theaghlaigh maidir leis an bPróiseas Iarratais ar Iompar Scoile don Scoilbhliain 2025/26
Gach iarratasóir – Íocaíochtaí nó mionsonraí cárta liachta – is é an 6 Meitheamh 2025 an dáta deiridh
Tá tairseach teaghlaigh Bhus Éireann ar oscailt anois chun glacadh le híocaíochtaí nó chun mionsonraí cárta liachta a iontráil go dtí an Aoine, an 6 Meitheamh 2025. Aon íocaíochtaí a dhéanfar nó aon mhionsonraí cárta liachta a iontrálfar tar éis an spriocdháta, measfar iad a bheith déanach. Tá seans ann nach mbeidh ticéad ar fáil más rud é go ndéanfar íocaíocht nó go n-iontrálfar mionsonraí cárta liachta go déanach.
Dúnfar an tairseach ar feadh tréimhse trí seachtaine ón 7 Meitheamh 2025 chun am a thabhairt do Bhus Éireann pleanáil don scoilbhliain nua.
Ní mór íocaíochtaí nó mionsonraí cárta liachta a chur isteach lena n-aghaidh seo a leanas:
- iarratasóirí nua; agus
- daltaí a rinne iarratas ar iompar scoile roimhe seo/a bhain leas as iompar scoile roimhe seo agus a dteastaíonn suíochán ar sheirbhís uathu don scoilbhliain 25/26.
Tá leanaí (atá incháilithe le haghaidh iompar scoile) a bhfuil cárta liachta bailí acu (an Scéim um Sheirbhísí Liachta Ginearálta) díolmhaithe ón muirear bliantúil a íoc. Ní mór a mionsonraí cárta liachta a chur faoi bhráid Bhus Éireann faoin dáta deiridh, áfach.
Daltaí ón Úcráin
Ní chaithfidh aon daltaí ón Úcráin atá ar iompar scoile faoi láthair athiarratas a dhéanamh don scoilbhliain 2025/2026 mura bhfuil a seoladh nó a scoil athraithe acu.
Iarratais nua – cónaí go neamhspleách nó le teaghlaigh óstacha
Maidir le gach teaghlach atá ag cónaí go neamhspleách nó le teaghlaigh óstacha agus atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar iompar scoile príomhshrutha dá leanbh don scoilbhliain 2025/26, agus nach bhfuil ar iompar scoile faoi láthair, iarrtar orthu iarratas a dhéanamh agus íocaíocht a dhéanamh nó a mionsonraí cárta liachta a iontráil trí thairseach teaghlaigh Bhus Éireann, atá ar fáil anseo.
Áirítear leo sin teaghlaigh a d’athraigh seoladh ó rinne siad an t-iarratas roimhe uathu agus/nó daltaí a bheidh ag athrú scoile don scoilbhliain 2025/26.
Iarratais nua – cónaí in ionad cóiríochta
Maidir le hiarratais nua ar iompar scoile don scoilbhliain 2025/26 i leith daltaí atá ag cónaí in ionaid chóiríochta, ní mór do phríomhoidí scoile na hiarratais sin a dhéanamh. Ba cheart do phríomhoidí scoile an fhaisnéis riachtanach a chur ar aghaidh chuig an bhfoireann réigiúnach oideachais agus teanga is gaire dóibh.
Is é is iarratas nua ann:
- iarratas do dhalta atá ag rollú ar scoil den chéad uair riamh;
- iarratas do dhalta atá tar éis scoileanna a athrú; nó
- iarratas do dhalta atá tar éis bogadh chuig ionad cóiríochta nua.
Déanfaidh baill den fhoireann réigiúnach oideachais agus teanga an fhaisnéis atá tugtha agat a chur faoi bhráid Bhus Éireann. Déanfaidh Bus Éireann socrú ansin chun iompar scoile a sholáthar, i gcás gur féidir déanamh amhlaidh.
Muirir Thicéid
I gcás na scoilbhliana 2025/26, beidh feidhm ag muirear €50 in aghaidh an dalta ar an leibhéal bunscoile agus ag muirear €75 in aghaidh an dalta ar an leibhéal iar-bhunscoile, agus muirear uasta €125 ann in aghaidh an teaghlaigh. Tá leanaí incháilithe a bhfuil cárta liachta iomlán acu agus leanaí atá incháilithe le haghaidh seirbhísí iompair do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu díolmhaithe ón muirear bliantúil ticéid go fóill.
Ionad Glaonna do Chustaiméirí
Chuir Bus Éireann ionad tiomnaithe glaonna do chúram custaiméirí i bhfeidhm chun cabhrú go sonrach le teaghlaigh maidir le ceisteanna Iompair Scoile le linn thréimhse ghnóthach an tsamhraidh. Is féidir le teaghlaigh a bhfuil ceisteanna acu teagmháil a dhéanamh leis an ionad glaonna mar a leanas: Íosghlao 0818 919 910. Bíonn an líne ar oscailt ó 09.00 go 17.00, an Luan go dtí an Aoine.
Is féidir le teaghlaigh teagmháil a dhéanamh le Bus Éireann trína shuíomh Gréasáin ag www.buseireann.ie/schooltransport nó trí cheist a chur isteach trí https://www.buseireann.ie/inner.php?id=769 freisin.
Is féidir an t-eolas is deireanaí ar an bpróiseas iarratais a aimsiú ag gov.ie/schooltransport agus ag buseireann.ie/schooltransport.
Incháilitheacht
Beidh leanaí incháilithe le haghaidh iompair ar an leibhéal bunscoile i gcás go gcónaíonn siad fad nach lú ná 3.2 ciliméadar ón scoil náisiúnta is cóngaraí dóibh mar a bheidh cinnte ag an Roinn/ag Bus Éireann, agus aird á tabhairt ar éiteas agus ar theanga, agus go bhfuil siad ag freastal ar an scoil sin.
Beidh leanaí incháilithe le haghaidh iompair ar an leibhéal iar-bhunscoile i gcás go gcónaíonn siad fad nach lú ná 4.8 ciliméadar ón iar-bhunscoil/ionad oideachais is cóngaraí dóibh mar a bheidh cinnte ag an Roinn/ag Bus Éireann, agus aird á tabhairt ar éiteas agus ar theanga, agus go bhfuil siad ag freastal ar an iar-bhunscoil/ionad oideachais sin.
- Leanaí atá incháilithe le haghaidh iompar scoile agus a chuireann an próiseas iarratais agus íocaíochta i gcrích in am, freastalófar orthu ar sheirbhísí iompair scoile i gcás go mbeidh seirbhísí den sórt sin i mbun oibre agus go mbeidh acmhainn ar fáil.
- Leanaí nach bhfuil incháilithe le haghaidh iompar scoile ach a chuireann an próiseas iarratais agus íocaíochta i gcrích in am, breithneofar iad le haghaidh suíocháin spártha a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis freastal ar leanaí incháilithe; tugtar ‘suíocháin lamháltais’ ar shuíocháin den sórt sin.
- Mar gheall ar chineál an iompair lamháltais do leanaí neamh-incháilithe agus ar an tosaíocht d’áiteanna a sholáthar do leanaí incháilithe, is féidir go mbeidh an t-éileamh ar áiteanna lamháltais níos mó ná an soláthar. Sna cásanna sin, leithdháilfidh Bus Éireann ticéid le haghaidh suíocháin spártha trí phróiseas roghnúcháin comhaontaithe a úsáid.
- De bhreis air sin, leanfar de bhearta sealadacha maolaithe don scoilbhliain 2025/2026. Mar thoradh air sin, soláthrófar iompar i gcás go mbeidh seirbhísí den sórt sin i mbun oibre agus go mbeidh acmhainn ar fáil le haghaidh daltaí atá incháilithe le haghaidh iompar chuig an scoil is cóngaraí dóibh agus atá ag freastal ar an dara scoil is cóngaraí dóibh/ar an dara hionad iar-bhunscoile is cóngaraí dóibh agus a dhéanann iarratas agus íocaíocht in am.
An Rannóg Iompair Scoile
School Transport Section
__
An Roinn Oideachais agus Óige
Department of Education and Youth
Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, D01 RC96.
Marlborough Street, Dublin, D01 RC96.
__